Stair na Scoile
Bunaíodh Gaelscoil Bhréifne i 1995 chun oideachas lán-Ghaeilge bunleibhéil a sholáthar i gCabhán. Ar dtús bhí an scoil lonnaithe i Halla na Gasóige ar Bhóthar an Iarnóid. Thar na blianta d’fhás an scoil agus rinne an fhoireann, an Bord Bainistíochta, na tuismitheoirí agus na daltaí an-iarracht chun foirgneamh agus suíomh nua a aimsiú don scoil. I 2018 fuair an scoil suíomh buan agus foirgneamh nua agus ó shin tá Gaelscoil Bhréifne lonnaithe anseo ar Chnoc an Choiligh i mbaile an Chabháin.