Múinteoir Gráinne
Is mise Múinteoir Gráinne.
Tá Rang 5 agus 6 agam.
Bíonn alán ar siúl againn i Rang 5 agus 6.
Déanann na daltaí obair ar son Comhairle na nDaltaí, an Brat Glas agus an Brat Gníomhach.
Tá an-suim againn sa cheol freisin.
Bíonn deis ag gach páiste an Veidhlín agus an Fhéadóg Stáin a fhoghlaim.
Tá cór scoile iontach ann freisin.
Is aoibhinn linn a bheith ag imirt peile agus ag imirt cispheile.
Múinteoir Gráinne
Every child has the opportunity to learn the violin and tin whistle.
We have a fantastic choir too.
Rang 5 & 6

Coirp Oideachas
Baineann na daltaí ó Rang 5 & 6 an-taitneamh as an gCoirp Oideachas go háirithe nuair a bhíonn deis acu a gcuid cluichí féin a dhearadh.
Cumann na bhFiann
An Timpeallacht
Is cuid den timpeallacht iad aer, uisce, plandaí, cnoic, ainmhithe, éin agus ar ndóigh an duine féin agus na tithe, bailte, agus cathracha ina gcónaíonn an cine daonna. Tá an timpeallacht an-tábhachtach go deo do phobal na tíre seo agus do mhuintir an domhain mhóir agus sín í chúis is dócha go mbíonn aird na ndaoine ar an ábhar seo. I mbliana i rang 5 & 6 táimid ag díriú isteacht ar an dtimpeallacht thart timpeall na scoile chun tuiscint níos fearr a fháil uirthi. Sna pictiúir thíos tá na daltaí ag féachaint ar na crainn timpeall na scoile.
Tá béim ollmhór curtha ar an mBrat Glas sa scoil seo freisin chun ár dtimpeallacht a chaomhnú agus a fheabhsú amach anseo.
Líníocht
Oíche Shamhna
Vincent Van Gogh
Na Lochlannaigh
I mí Eanáir chaith na daltaí i rang 5 & 6 cúpla seachtain ag foghlaim faoi na Lochlannaigh. Ar dtús rinneamar staidéar ar chúlra na Lochlannaigh le chéile sa rang. Ansin bhí deis ag na daltaí taighde a dhéanamh sa bhaile agus an t-eolas a chuir ar Office 365 ionas go raibh gach duine in ann é a fheiceáil. Bhí cúig ghrúpa sa rang: Airm, Bia, Tithe, Déithe agus Éadaí, Rinne na grupaí póstaeir leis an t-eolas ar fad a bhí faighte acu. Féach orthu thíos anseo. Maith sibh a pháistí!