Éiteas

I scoil lán-Ghaeilge, is í an Ghaeilge

  • Teanga na scoile
  • Teanga chumarsáide agus teanga ghnó na scoile
  • Teanga mhúinte agus fhoghlama i ngach ábhar seachas Béarla
  • Teanga chumarsáide i measc na múinteoirí agus na ndaltaí i leith gach gné den scoil

Scoil Lán-Ghaeilge le Sainspiorad Ilchreidmheach

Sainmhíniú

  1. Ní mhúintear aon chreideamh ar leith (sainchreidimh) i rith amchlár oifigiúil na scoile mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais & Scileanna.
  2. Leanfar an clár ‘Croí na Scoile’ atá curtha le chéile ag pobal na scoile i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta.
  3. Maidir le múineadh sainchreidimh do pháistí taobh amuigh d’am oifigiúil na scoile, is iad tuismitheoirí na bpáistí úd atá freagrach as socruithe a dhéanamh. Is mian leis an mBord Bainisitíochta agus leis an Scoil a bheith solúbtha agus iad ag freastal ar na socruithe seachtracha.
  4. Is trí Ghaeilge amháin a mhúintear sainchreidimh lasmuigh d’am scoile. Ní bheidh dualgas ar an bhfoireann theagaisc an cúram seo a ghlacadh.
  5. Is ar an mBord Bainistíochta atá an dualgas spiorad sainiúil na gaelscoile ilchreidmhigh a chothú agus a chosaint i dtreo na sainmhínithe thuasluaite. Tacaíonn an Pátrún leo sa chúram sin.

Confirmation and Communion classes are provided after school for those children wishing to receive their sacraments.

ÍOSLÓDÁIL ÁR BHFOIRM IONTRÁLA / Download our Enrolment Form

Éiteas na Scoile & Ráiteas Misin

School Ethos & Mission Statement

Gaelscoil Bhréifne is a multi-denominational school under the patronage of An Foras Pátrúnachta. Our goal is to provide a quality education through the medium of the Irish language. This will be facilitated by teachers and staff in partnership with parents and children in a happy and stimulating environment.

We aim to foster the holistic development of children in order to achieve their potential and personal development, with respect for others, an appreciation of diversity, and an appreciation of the Irish language.

We believe that the school should be a happy, pleasant place for children where there is a co-operation between parents, teachers, and children. All three parties should work together to establish a friendly, happy environment. The staff of the school are committed to a high standard of education where the child is at the centre of the learning process. Every effort is made at all times, with the co-operation of parents, to help each child to reach his/her potential.

Éiteas na Scoile & Ráiteas Misin

Is í aidhm Ghaelscoil Bhréifne ná oideachas den scoth a chur ar fáil dár ndaltaí trí mheán na Gaeilge. Beidh foireann uile na scoile, na múinteoirí, na tuismitheoirí, agus na páistí ag gníomhú as lámha a chéile ag cruthú timpeallachta sona spreagúil.

Is sprioc dár gcuid forbairt ilghnéitheach na bpáistí a chothú trí dheiseanna a tabhairt dóibh a bpoitéinseal a chomhlíonadh agus a bpearsantachtaí a cheiliúradh. Cothaímid meas agus tuiscint ar dhaoine eile, ar an ilchineálacht, ar an éagsúlacht, agus ar an nGaeilge.

Is Gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil Bhréifne. Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide i measc, múinteoirí, páistí, agus tuismitheoirí na scoile. Creidimid gur áit shona aoibhinn í an scoil ina bhfuil múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí ag tacú agus ag comhoibriú lena chéile ar mhaithe le hatmaisféar dearfach a chothú.

Aontaíonn foireann na scoile gur treise an scoil ina bhfuil an páiste féin ag croílár na foghlama. Le tréan-iarracht, agus le cabhair agus tacaíocht ó thuismitheoirí, déantar oideachas ar ardchaighdeán a sholáthar sa scoil. Anseo i nGaelscoil Bhréifne creidimid go gceadaíonn comhoibriú, dea-bhéasa agus dea-iompar éifeachtúlacht na scoile chomh maith le forbairt acadúil na bpáistí.

 

CEISTEANNA?

Má tá eolas breise uait faoin scoil nó faoinár bpolasaithe iontrála, nó má tá aon cheist agat, bí i dteagmháil linn inniu.

If you would like more information about our school, our enrolment policies or if you have any questions, please get in touch with us today!

ÉITEAS NA SCOILE
TEAGMHÁIL